“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Má bhronnann an prionsa cuid dá oidhreacht ar a chlann mhac rachaidh an bronntanas i seilbh na mac agus beidh sé acu mar oidhreacht.
Bhronn a n‑athair a lán bronntanas airgid, óir agus seod agus cathracha daingne in Iúdá orthusan, ach bhronn sé an choróin ar Iahórám mar gurbh é an chéadghin.
“Beidh roinn ag an bprionsa ar an dá thaobh de fhearann an tsanctóra agus de ghabháltas na cathrach, ar aon teorainn le fearann an tsanctóra agus le gabháltas na cathrach siar agus soir, ar aon fhad le roinn treibhe agus ag síneadh ó theorainn thiar go teorainn thoir na tíre.
Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.