Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 46:15

An Bíobla Naofa 1981

Mar sin a dhéanfar an t‑uan agus an íobairt bhia agus an ola a sholáthar, maidin i ndiaidh maidine mar íobairt dhóite go brách.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.

sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.

Sin í an íobairt uileloiscthe shíoraí a bunaíodh ar Shliabh Shíonái, mar chumhracht thaitneamhach, mar íobairt dhóite don Tiarna.

Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat.”

“Seo a n‑ofrálfaidh tú ar an altóir: dhá uan bhliana gach lá gan teip.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí