Sín é a ghabháltas in Iosrael. Ní bhrúfaidh mo phrionsaí ar mo phobal níos mó; ach fágfaidh siad an chuid eile den tír do mhuintir Iosrael de réir a dtreibheanna.
Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
Ní ghabhfaidh an prionsa aon chuid d'oidhreacht an phobail, á ndíbirt as seilbh go héagórach. Tabharfaidh sé oidhreacht dá chlann mhac as a mhaoin féin ionas nach ndíbreofar aon duine de mo phobal as seilbh.”
Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga, agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal. Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”
Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?
Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.