Beidh cearnóg chúig chéad banlámh de seo don sanctóir agus spás oscailte caoga banlámh timpeall air.
Nuair a sheolfaidh scread na mairnéalach ina gcluasa, crithfidh muintir na gcóstaí.
Nuair a chríochnaigh sé tomhas an Teampaill istigh thug sé amach chuig an geata thoir mé agus thomhais sé spás an Teampaill thart timpeall.
Glacfaidh tú fosta tarbh na híobartha peaca agus dófaidh tú sa láthair cheart den Teampall taobh amuigh den sanctóir é.
“Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa.
As an tearmann seo tomhaisfidh tú roinn cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle banlámh ar leithead ina mbeidh an sanctóir, an áit rónaofa.