Bíodh an t‑éafá agus an bat ar aon mhiosúr, ionas go gcoinneodh an bat an deichiú cuid de hoimear agus an t‑éafá an deichiú cuid de hoimear. Bíodh an hoimear ina chaighdeán mar mhiosúr.
Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthu sin, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.
D'fhan an pobal ar a gcois an lá agus an oíche sin go léir, agus lá arna mhárach chomh maith, ag cruinniú gearg; deich n‑ómar an cnuasach is lú a rinne aon duine. Ansin leathadar amach dóibh féin timpeall an champa iad.