Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 44:4

An Bíobla Naofa 1981

Thug sé isteach mé tríd an ngeata thuaidh go dtí aghaidh an Teampaill. D'amharc mé agus chonaic glóir an Tiarna ag líonadh Theampall an Tiarna agus shléacht mé go talamh.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Shléacht Abrám go talamh, agus dúirt Dia leis:

Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?

An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.

D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.

D'éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh.

Thomhais sé geata thuaidh na cúirte seachtraí ar a fhad agus ar a leithead.

Thug sé go dtí an geata thuaidh mé. Thomhais sé é:

Ag dul isteach ag an ngeata thuaidh bhí dhá thábla; agus ar an taobh eile den phóirse ag an ngeata bhí dhá thábla.

Ansin rug sé go doras gheata thuaidh theach an Tiarna mé; agus féach, bhí mná ina suí ansin ag gol ar son Tamúz.

Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua!

“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.

Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí