Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 44:16

An Bíobla Naofa 1981

Beidh cead isteach i mo shanctóir acu agus triallfaidh siad ar mo thábla le freastal orm; comhlíonfaidh siad mo liotúirge.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

shuigh tú ar leaba shómasach a raibh tábla lena hais ar ar chuir tú mo thúis agus m'ola.

altóir adhmaid, a bhí trí bhanlámh ar airde, dhá bhanlámh ar fad agus dhá bhanlámh ar leithead. Ba d'adhmad a cúinní, a bun agus a taobhanna. Dúirt sé liom: “Seo é an tábla atá os comhair an Tiarna.”

Ach tá sibhse tar éis é a thruailliú, trína rá: ‘Tá bord Dé inmhaslaithe; is díol tarcaisne an bia a leagtar air.’

Trí arán truaillithe a ofráil ar m'altóir! Athfhiafraíonn sibhse ansin: ‘Conas a thruaillíomar thú?’ Trína rá go bhfuil bord an Tiarna inmhaslaithe!

An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son?

Bígí féin i bhfeighil an tsanctóra agus i bhfeighil na haltóra, agus ní thiocfaidh an cuthach go deo arís sa mhullach ar chlann Iosrael.

agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen.

Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí