Ach tabharfaidh mé cúram an Teampaill dóibh le haghaidh a fhreastail go léir agus an uile rud atá le déanamh.
Beidh siad ina bhfreastalaithe sa sanctóir agam agus an cúram orthu geataí an Teampaill a ghardáil agus an Teampall féin a fhreastal. Maróidh siad an íobairt dhóite agus an ofráil don phobal, agus beidh siad i láthair chun freastal ar an bpobal.
Dúirt sé liom ansin: “Seo iad na cistineacha ina mbruithfidh lucht freastail an Teampaill íobairtí an phobail.”
Aontaídís leat, agus déanaidís cúram Bhoth na Teagmhála i gcomhair sheirbhís uile na Botha; ná tagadh aon duine eile gan údarás in bhur ngaobhar.