Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 44:11

An Bíobla Naofa 1981

Beidh siad ina bhfreastalaithe sa sanctóir agam agus an cúram orthu geataí an Teampaill a ghardáil agus an Teampall féin a fhreastal. Maróidh siad an íobairt dhóite agus an ofráil don phobal, agus beidh siad i láthair chun freastal ar an bpobal.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ní raibh go leor sagart ann ámh, agus níorbh fhéidir dóibh na híobairtí uileloiscthe go léir a fheannadh; chabhraigh na Léivítigh leo dá bhrí sin nó gur críochnaíodh an obáir agus gur naomhaíodh sagairt eile; bhí na Léivítigh níba ionraice croí á naomhú féin ná na sagairt.

mar bhí a lán sa chomhthionól nár naomhaigh iad féin. Cuireadh mar chúram ar na Léivítigh an t‑uan Cásca a mharú do gach duine nach raibh glan go leor chun an t‑íobartach a choisreacan don Tiarna.

Ar seisean liom: “An seomra seo a fhéachann ó dheas is do shagairt an Teampaill é;

Ach tabharfaidh mé cúram an Teampaill dóibh le haghaidh a fhreastail go léir agus an uile rud atá le déanamh.

Dúirt sé liom ansin: “Seo iad na cistineacha ina mbruithfidh lucht freastail an Teampaill íobairtí an phobail.”

An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son?

Tagadh do bhráithre de chraobh Léiví, craobh d'athar, in éineacht leat chomh maith; aontaídís leat agus déanaidís fónamh duit, duit féin agus do do chlann mhac, agus tú os comhair Bhoth na Fianaise.

Agus siúd iad bhur mbráithre, na Léivítigh, tógtha agam as chlann Iosrael mar thabhartas duit; mar thoirbheartaigh, is leis an Tiarna iad le fónamh ag Both na Teagmhála.

Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:

ach déanadh sé fónamh dá bhráithre i mBoth na Teagmhála, chun an tseirbhís a chinntiú; ach ná déanadh sé féin áon seirbhís a thuilleadh. Féach chuige gurb í sin an riail do sheirbhís na Léivíteach.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí