Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 44:1

An Bíobla Naofa 1981

Thug sé ar ais mé ansin go geata seachtrach an tsanctóra a fhéachann soir. Bhí sé dúnta.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

ina láthair fós ag geata an rí lastoir. Ba iadsan lucht faire gheataí champaí na Léivíteach.

Ag an gcomhthionól seo de mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim i dTeampall an Tiarna, sheas Iahóiseáfát os comhair na cúirte nua,

Thog sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna.

Rinne sé cúirt na sagart, agus an chúirt mhór, agus geataí na cúirte agus chumhdaigh sé na geataí le cré-umha.

Thug sé isteach mé ansin sa chúirt sheachtrach a raibh seomraí ann agus pábháil thart timpeall na cúirte; tríocha seomra ar aghaidh na pábhála.

Chuaigh sé go dtí an geata thoir, chuaigh na céimeanna suas agus thomhais tairseach an gheata, a bhí slat ar a dhoimhneas;

Nuair a rachaidh na sagairt isteach ann ní imeoidh siad ón áit naofa chuig an chúirt sheachtrach gan éide an liotúirge a fhágáil ansin, mar is naofa í an éide seo. Cuirfidh siad éadaí eile orthu féin sula rachaidh siad in áiteanna a bhaineann leis an bpobal.”

Thug sé ansin mé go dtí an geata, an ceann a fhéachann soir.

Tháinig glóir an Tiarna isteach sa Teampall ag an ngeata thoir.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Dúnfar an geata thoir den chúirt inmheánach ar feadh na sé lá oibre. Osclófar é lá na sabóide agus lá na ré nua;

Nuair a ofrálfaidh an prionsa íobairt dheonach, bíodh sí dóite nó ina híobairt síochána, don Tiarna, osclófar an geata thoir dó agus ofrálfaidh sé a íobairt dhóite agus a íobairt síochána mar a dhéanfaidh lá na sabóide. Ar dhul amach dó, dúnfar an geata ina dhiaidh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí