Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 43:26

An Bíobla Naofa 1981

Ar feadh seacht lá déanfaidh siad leorghníomh ar son na haltóra; glanfaidh siad í agus beidh sí coisricthe.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

tógfaidh tú an méid sin agus cuirfidh tú é i lámha Árón agus i lámha a mhac; ofrálfar é mar dhleacht ar leith os comhair an Tiarna.

Agus dúirt Maois: “Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.”

Glacfaidh tú cuid den fhuil agus cuirfidh tú í ar cheithre adharc na haltóra agus ar cheithre chúinne an phlionta agus ar an imeall thart timpeall. Mar seo a ghlanfaidh tú an altóir agus a dhéanfaidh tú leorghníomh ar a son.

An dara lá ofrálfaidh tú gabhar fireann gan smál mar íobairt pheaca; agus glanfar an altóir arís mar a glanadh leis an tarbh.

Ar feadh seacht lá caithfidh tú gabhar fireann a sholáthar gach lá d'íobairt pheaca; ní foláir freisin tarbh agus reithe gan smál ón tréad a ofráil.

Ag deireadh an ama sin, ón ochtú lá amach, ofrálfaidh na sagairt ar an altóir bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí síochána; agus glacfaidh mise go cineálta libh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ar an gcéad lá den chéad mhí glacfaidh tú tarbh óg gan smál agus glanfaidh tú an sanctóir.

Ar feadh seacht lá ní rachaidh sibh lasmuigh de dhoras Bhoth na Teagmhála go dtí go mbeidh téarma bhur n‑insealbhaithe caite agaibh; tógfaidh bhur n‑insealbhú seacht lá.

D'ordaigh an Tiarna dúinn déanamh mar a rinneamar inniu ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar bhur son.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí