Agus í glanta agat ofrálfaidh tú tarbh gan smál agus reithe gan smál ón tréad.
“Seo é an searmanas a mbainfidh tú feidhm as á gcoisreacan le fónamh dom mar shagairt. Tóg tarbh óg agus dhá reithe gan mháchail,
“Ansin tabharfaidh tú an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála. Leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an tairbh,
tabharfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca do na sagairt Léivíteacha de shíol Zádóc a thagann chugam chun freastal orm - an Tiarna Dia a labhraíonn.
“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ar an gcéad lá den chéad mhí glacfaidh tú tarbh óg gan smál agus glanfaidh tú an sanctóir.