Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 43:13

An Bíobla Naofa 1981

Seo iad tomhais na haltóra de réir banlámh - tá banlámh anseo ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise. Beidh an bun banlámh ar airde agus banlámh ar leithead; an t‑imeall timpeall aon réise amháin. Seo airde na haltóra:

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Rinne sé altóir chré-umha, fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus deich mbanlámh ar airde.

Cuirfidh tú teanntóga, lámh ar leithead, faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu.

Féach, bhí balla thart timpeall an Teampaill ar fad lasmuigh agus i láimh an fhir bhí slat tomhais a bhí sé bhanlámh ar fad - banlámh ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise a bhí i gceist. Thomhais sé leithead an bhalla, a bhí slat; agus a airde, a bhí slat.

Chonaic mé ansin go raibh pábháil thart timpeall an Teampaill. Ba é bunsraith na dtaobhsheomraí é seo agus bhí slat tomhais iomlán sé bhanlámh ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí