Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 43:1

An Bíobla Naofa 1981

Thug sé ansin mé go dtí an geata, an ceann a fhéachann soir.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d'éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n‑ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn.

Chuaigh sé go dtí an geata thoir, chuaigh na céimeanna suas agus thomhais tairseach an gheata, a bhí slat ar a dhoimhneas;

Nuair a chríochnaigh sé tomhas an Teampaill istigh thug sé amach chuig an geata thoir mé agus thomhais sé spás an Teampaill thart timpeall.

Tháinig glóir an Tiarna isteach sa Teampall ag an ngeata thoir.

Thug sé ar ais mé ansin go geata seachtrach an tsanctóra a fhéachann soir. Bhí sé dúnta.

Dúirt an Tiarna liom: “Coimeádfar an geata seo dúnta. Ní osclófar é agus ní rachaidh aon duine tríd ó ghabh an Tiarna, Dia Iosrael, tríd. Dá bhrí sin coimeádfar dúnta é.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Dúnfar an geata thoir den chúirt inmheánach ar feadh na sé lá oibre. Osclófar é lá na sabóide agus lá na ré nua;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí