Bhí siad seo roinnte i dtrí urlár agus ní raibh colúin acu mar bhí sa chúirt [sheachtrach]. Uime sin bhí siad níba chúinge siar ná na seomraí in íochtar nó sa lár.
Bhí an doras chun an stóir íochtaraigh ag cúinne deas an Teampaill, agus bhí staighre suas chun an stór láir agus ón stór láir arís go dtí an tríú stór.
Bhí tríocha taobhsheomraí ann ar trí urlár, gach ceann os cionn a chéile. Na taobhsheomraí thart timpeall fuair siad tacaíocht ó bhallaí an Teampaill taobh amuigh ionas nach mbeidís sáite i mballa an Teampaill.
Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n‑áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh.