Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n‑áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh.
Thomhais sé fad an fhoirgnimh ar an taobh thiar ar aghaidh an chlóis agus na ballaí ar gach taobh de; bhí siad céad banlámh. Halla an Teampaill, an seomra inmheánach agus an póirse seachtrach,
Mhéadaigh ar leithead na dtaobhsheomraí ó urlár go hurlár de réir méadú na tacaíochta ar an taobh amuigh ó urlár go hurlár. Ar thaobh an Teampaill bhí staighre ag dul suas agus ba é seo an dóigh a ndeachaigh duine ón urlár in íochtar go dtí an t‑urlár ar barr tríd an urlár láir.
In aon líne leis na fiche banlámh a bhain leis an gcúirt inmheánach agus os comhair na pábhála a bhain leis an gcúirt sheachtrach bhí áiléar os comhair áiléir, trí urlár acu.
Bhí siad seo roinnte i dtrí urlár agus ní raibh colúin acu mar bhí sa chúirt [sheachtrach]. Uime sin bhí siad níba chúinge siar ná na seomraí in íochtar nó sa lár.