Bhí cosán rompu amach mar a bhí ó na seomraí thuaidh; bhí siad ar aon fhad agus ar aon leithead, agus an déanamh céanna orthu, doirse amach is isteach.
Thug sé isteach mé ansin tríd an mbealach a bhí ag taobh an gheata thuaidh go dtí na seomraí sa sanctóir a bhain leis na sagairt. Chonaic mé áit ansin siar uaim ag deireadh.