Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 42:3

An Bíobla Naofa 1981

In aon líne leis na fiche banlámh a bhain leis an gcúirt inmheánach agus os comhair na pábhála a bhain leis an gcúirt sheachtrach bhí áiléar os comhair áiléir, trí urlár acu.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”

Crann céadrais díon ár dtí, adhmad píne ár dtroscán.

Do mhuineál mar thúr eabhair, do shúile mar locháin Heisbeon faoi gheata Bhat Rabaím. Do shrón mar thúr sa Liobáin ag faire i dtreo na Damaisce.

Idir pábháil an Teampaill agus seomraí na cúirte bhí spás fiche banlámh ar leithead thart timpeall an Teampaill.

Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n‑áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí