Thomhais sé an taobh thoir lena shlat tomhais; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.
Thug sé ansin mé agus, féach, bhí fear ann a raibh cuma práis air. Bhí corda lín agus slat tomhais ina láimh aige agus é ina sheasamh sa gheata.
Thomhais sé ansin an taobh thuaidh; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.
“Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa.
D'ardaigh mé mo shúile agus cad a chonaic mé ach ceithre adharc.