Eizicéil 42:10An Bíobla Naofa 1981I dtiús bhalla na cúirte [theas] ar aghaidh na cúirte agus an fhoirgnimh, bhí seomraí. Féach an chaibidil |
Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa - an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh - mar is áit naofa é seo.