Thomhais sé balla an Teampaill, a bhí sé bhanlámh ar tiús. Bhí na taobhsheomraí thart timpeall an Teampaill ceithre bhanlámh ar leithead.
Bhí doirse na dtaobhsheomraí ag oscailt ar ar fágadh saor den phábháil, doras ag oscailt ó thuaidh agus doras ag oscailt ó dheas. An phábháil a fágadh saor bhí sí cúig bhanlámh ar leithead thart timpeall.
Bhí fuinneoga laitíse agus crainn phailme ar gach taobh acu ar bhallaí an phóirse agus ar na taobhsheomraí ag taobh an Teampaill agus ar na scáthláin.