Bhí an doras chun an stóir íochtaraigh ag cúinne deas an Teampaill, agus bhí staighre suas chun an stór láir agus ón stór láir arís go dtí an tríú stór.
Thóg an spiorad ansin mé agus rug mé go geata thoir Theampall an Tiarna, an geata a fhéachann soir. Ar an mbealach isteach ag an ngeata bhí cúigear fear is fiche agus ina measc chonaic mé Iázainia mac Azur agus Palaitia mac Bhanáiá, uachtaráin an phobail.
Bhí a fhuinneoga, a phóirse agus a chrainn phailme ar aon mhiosúr leo siúd ag an ngeata thoir. Bhí seacht gcéim ag dul suas chuige agus bhí a phóirse ar an taobh istigh.
Thug sé ansin mé ó dheas mar a raibh geata ag oscailt ó dheas. Thomhais sé na hursaineacha agus an póirse ann; bhí siad ar aon mhiosúr leis na cinn eile.
Féach, bhí balla thart timpeall an Teampaill ar fad lasmuigh agus i láimh an fhir bhí slat tomhais a bhí sé bhanlámh ar fad - banlámh ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise a bhí i gceist. Thomhais sé leithead an bhalla, a bhí slat; agus a airde, a bhí slat.
agus na taobhsheomraí, a bhí slat ar fad agus slat ar leithead; agus an spás idir na taobhsheomraí a bhí cúig bhanlámh ar leithead; agus tairseach an gheata isteach ó phóirse an gheata, a bhí slat.
bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad.
Beidh an plionta cearnógach fosta, ceithre bhanlámh déag ar fad agus ceithre bhanlámh déag ar leithead. Beidh an t‑imeall thart air leathbhanlámh ar leithead agus a bhun banlámh thart timpeall. Beidh céimeanna na haltóra ag féachaint soir.
ag cur a dtairsí le hais mo thairsí agus a n‑ursaineacha le hais m'ursaineacha, gan ach balla idir mé agus iad. Thruaillídís m'ainm naofa leis na nithe gránna a dhéanaidís, agus dá bhrí sin scrios mé iad go feargach.
Nuair a ofrálfaidh an prionsa íobairt dheonach, bíodh sí dóite nó ina híobairt síochána, don Tiarna, osclófar an geata thoir dó agus ofrálfaidh sé a íobairt dhóite agus a íobairt síochána mar a dhéanfaidh lá na sabóide. Ar dhul amach dó, dúnfar an geata ina dhiaidh.
Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill - bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t‑uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir.
Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.