Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 40:4

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

A phobal liom atá do do bhualadh i do choirce ar an láithreán buailte, an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael, is é atá á fhógairt agam duit.

“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.

“A mhic an duine,” ar sé, “éirigh i do sheasamh agus labhróidh mé leat.”

“A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d'éirigh amach i m'aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n‑aithreacha i m'aghaidh go dtí an lá inniu féin.

“A mhic an duine, tá tú ceaptha agam mar fhear faire do mhuintir Iosrael. Nuair a chloisfidh tú focal uaimse tabhair rabhadh dóibh thar mo cheann.

“A mhic an duine, tabhair tuairisc an Teampaill seo do mhuintir Iosrael; dearaidís an plean ionas go mbeidh náire orthu de bharr a bpeacaí.

Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, tabhair aire, féach go grinn agus éist go cúramach lena n‑insím duit faoi dheasghnátha uile Theampall an Tiarna agus a dhlíthe uile. Tabhair aire mhaith do cé ag a mbeidh cead isteach sa Teampall acu agus cé ag nach mbeidh cead isteach sa sanctóir acu.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú?” Thug sé orm dul ar ais ar bhruach na habhann.

An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.

A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”

mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.

Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán

dúirt sé leo: “Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a d'aithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí