Bhí trí thaobhsheomra ann ar gach taobh; bhí na hursaineacha agus an póirse ar aon mhiosúr leo siúd ag an gcéad gheata, caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.
Thug sé ansin mé ó dheas mar a raibh geata ag oscailt ó dheas. Thomhais sé na hursaineacha agus an póirse ann; bhí siad ar aon mhiosúr leis na cinn eile.
A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.