Thomhais sé ansin ón taobh istigh den gheata íochtarach go dtí an taobh amuigh den chúirt inmheánach, bhí sé céad banlámh soir agus ó thuaidh.
An phábháil a shín leis na geataí agus a bhí ar aon fhad leo, sin an phábháil íochtarach.
Sa chúirt inmheánach os comhair an gheata thuaidh bhí geata mar a bhí os comhair an gheata thoir. Thomhais sé ó gheata go geata; bhí sé céad banlámh.
Bhí geata ó dheas sa chúirt inmheánach; thomhais sé ó gheata go geata ó dheas, bhí sé céad banlámh.
Thomhais sé an chúirt inmheánach. Ba chearnóg í a bhí céad banlámh ar fad agus céad banlámh ar leithead; bhí an altóir os comhair an Teampaill.