Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 40:14

An Bíobla Naofa 1981

Thomhais sé an póirse, a bhí fiche banlámh; in aice leis an bpóirse bhí an chúirt sheachtrach.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dúirt sé liom: ‘Solamh do mhac a thógfaidh mo theach agus mo chúirteanna dom, óir thogh mé é le bheith mar mhac agam, agus beidh mise mar athair aigesean.

Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh. Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí. Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.

“Déanfaidh tú faiche an taibearnacail. Ar an taobh theas den fhaiche beidh brait céad banlámh ar fad ar chliathán de, iad déanta de línéadach mín cas.

brait na faiche, a pollaí agus a ceapa, agus an fial don gheata isteach san fhaiche;

Ach an dream a rinne an t‑arbhar a tharlú, íosfaidh siad féin é agus molfaidh siad an Tiarna. Is iad lucht cnuasaithe na gcaora fíona a bheidh ag ól i mo chúirteanna beannaithe.”

Ansin thomhais sé an geata ó [chúl] taobhsheomra amháin go [cúl] taobhsheomra eile; bhí sé cúig bhanlámh is fiche ar leithead ó dhoras go doras.

Ó dhul isteach an gheata fad leis an bpóirse istigh bhí caoga banlámh.

Bhí colúin an halla cearnógach. Os comhair an tsanctóra bhí mar a bheadh

Thug sé ó thuaidh mé isteach sa chúirt inmheánach, go dtí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí [ar an taobh thuaidh] den fhoirgneamh.

Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla.

Itheadh Árón agus a chlann mhac an chuid eile di; ach ithidís í mar bhuilíní slimaráin in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí