Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 4:4

An Bíobla Naofa 1981

“Luigh fós ar do thaobh clé agus leag pionós mhuintir Iosrael air; de réir uimhir na laethanta a luífidh tú air, iompróidh tú a bpionós.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Óir leag mise ort uimhir na laethanta de réir blianta a bpionóis, trí chéad agus nócha lá; iompróidh tú pionós mhuintir Iosrael an fad sin.

Agus féach, cuirfidh mé cuibhreacha ort ionas nach mbeidh ar do chumas iompú ó thaobh go taobh nó go mbeidh laethanta do léigir curtha i gcrích agat.

“Cén fáth,” ar sé, “nár ith sibh an t‑íobarthach peaca seo san áit bheannaithe? Is rud sarnaofa é a tugadh daoibh d'fhonn go n‑iompródh sibh cionta an chomhthionóil agus gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh i láthair an Tiarna.

agus iompróidh an pocán ualach a gcoireanna go léir leis amach faoin bhfásach.

Ar feadh daichead lá bhí an tír á bhrath agaibh; seasóidh gach lá do bhliain; ar feadh daichead bliain déanfaidh sibh ualach bhur bpeacaí a iompar agus beidh a fhios agaibh cad is brí le mé a shéanadh.’

Ansin dúirt an Tiarna le hÁrón: “Tusa agus do chlann mhac agus do theaghlach go léir a iompróidh ualach na bpeacaí in aghaidh an tsanctóra; tusa agus do chlann mhac a iompróidh ualach na bpeacaí a bhaineann le bhur sagartacht.

chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n‑éagruais, agus d'iompair sé ualach ár ngalar.”

Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí