Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 4:16

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé liom chomh maith: “Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal,

Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d'iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.

Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin, agus gur mhill sé an t‑arán ar fad orthu,

Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn; bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.

Sea, féach, tá an Tiarna Dia na Slua, ag dul an uile chrann taca a bhaint de Iarúsailéim agus de Iúdá, (taca aráin agus taca uisce);

Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal,

Bíonn a muintir uile ag éamh agus arán á lorg acu; malartaíonn siad a n‑iarmhais ar bhia chun iad féin a neartú arís. “Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar an drochmheas a chaitear orm.

An t‑uisce a ólaimid, caithfimid é a cheannach; bíonn orainn íoc as ár n‑adhmad féin.

Is i mbaol ár n‑anama a fhaighimid soláthar bia mar gheall ar shladaithe an fhásaigh.

“A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as;

Dúirt sé liom ansin: “Féach, tugaim duit otrach bó in ionad otrach duine; bruithfidh tú d'arán air sin.”

Scaoilfidh mé in bhur gcoinne saigheada marfacha an ghorta, saigheada a scriosfaidh - óir is d'aonturas chun sibh a scrios a scaoilfidh mé iad - agus scriosfaidh mé bhur stór aráin.

Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.

Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

Nuair a d'oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: “Tar.” D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí