Ach dúirt an príomhchornaire leo: “An dóigh leat gur le hé seo a rá le do mháistir nó leatsa a chuir mo mháistir mise anseo? Ní hea ach leis na daoine ar na ballaí, a bhfuil sé i ndán dóibh a gcac féin a ithe, agus a mún féin a ól bhur ndála féin.”
Bíonn a muintir uile ag éamh agus arán á lorg acu; malartaíonn siad a n‑iarmhais ar bhia chun iad féin a neartú arís. “Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar an drochmheas a chaitear orm.
Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”
Dúirt sé liom chomh maith: “Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis.