An t‑uisce a ólfaidh tú tomhaisfidh sé an séú cuid de hín; uair amháin sa lá a ólfaidh tú.
Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíocht de cheal tuisceana, a n‑uaisle stiúgtha ag an ocras, agus an slua spalptha le tart.
An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú.
Íosfaidh tú an t‑arán amhail ciste eorna, agus é á bhruith agat os a gcomhair os cionn otrach duine.
Dúirt sé liom chomh maith: “Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis.
Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.