Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.
“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ba ortsa a bhí mé a labhairt sna seanlaethanta trí mo sheirbhísigh, fáithe Iosrael, a thairngríodh ar feadh na mblianta sna laethanta sin go seolfainn thú ina n‑aghaidh.
Féachfaidh mé chuige go n‑aithneofar m'ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m'ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael.
Rachaidh an mhuintir a chónaíonn i mbailte Iosrael amach agus cuirfidh siad na hairm seo trí thine, na lúireacha agus na cruinnsciatha, na boghanna agus na saigheada, na bataí agus na sleánna. Lasfaidh an tine leo ar feadh seacht mbliana,
Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.