Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 39:12

An Bíobla Naofa 1981

Glacfaidh sé seacht mí ag muintir Iosrael iad a chur agus an tír a ghlanadh.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

“An lá sin tabharfaidh mé do Ghóg ionad adhlactha in Iosrael, Gleann na nAbaraím soir ón bhfarraige. Coiscfidh sé lucht taistil de bhrí go mbeidh Góg agus a shlua uile curtha ann. Gleann Hamón Góg an t‑ainm a bheidh air.

Beidh fir a roghnófar d'aonghnó chun dul suas síos tríd an tír á n‑adhlacadh siúd a fágadh ar an talamh, agus ag glanadh na tíre. Beidh siad ag cuardach ar feadh seacht mí.

Hamóná ainm an bhaile san áit sin - agus is mar sin a ghlanfaidh siad an tír.

“An té a bhaineann le corpán mairbh ar bith, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

“Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

Aon duine a bhaineann le fear a maraíodh le claíomh lasmuigh sa mhachaire, nó le fear a cailleadh, nó le cnámharlach duine, nó le huaigh, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

ná fanadh a chorp thar oíche ar an gcrann, ach déan é a adhlacadh an lá céanna, óir tá mallacht Dé ar dhuine a chrochtar; agus ná déan an talamh a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht a thruailliú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí