Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 38:5

An Bíobla Naofa 1981

Tá an Pheirs, Cúis agus Pút leo, cách lena sciath agus a chlogad;

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Clann mhac Hám: Cúis agus Miosráím agus Pút agus Canán.

Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de.

Clann mhac Hám: Cúis, Miosráím, Pút, Canán.

Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.

Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir:

“Bhí fir na Peirse, Lúd agus Pút, ar do shlua gaiscíoch; chrochaidís an sciath agus an ceannbheart ionat; chuiridís le do dhea-chlú.

Tiocfaidh an claíomh ar an Éigipt; beidh scanradh ar an Aetóip nuair a thitfidh na mairbh san Éigipt, nuair a bhéarfar ar shiúl a maoin agus go réabfar a bunsraith.

“Muintir na hAetóipe, Pút agus Lúd, muintir na hAráibe agus na Libe, agus muintir thír an chonartha; titfidh siad ina gcuideachta leis an gclaíomh.

B'iad an Aetóip agus an Éigipt a neart. (Ní raibh aon teorainneacha aici.) B'iad Pút agus an Libe a comhghuaillithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí