Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 38:4

An Bíobla Naofa 1981

Casfaidh mé thart thú agus cuirfidh mé duáin i do ghialla; tarraingeoidh mé liom thú féin agus do shlua airm uile idir chapaill agus mharcaigh, agus iad go léir i gcath éide iomlán, tóstal mór ag iompar lúireach agus cruinnsciath, agus ag beartú claimhte.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne, agus gur chuala mo chluas uaill d'uabhair, cuirfidh mé m'fháinne ar do shrón, agus mo bhéalbhach i do bhéal, agus cuirfidh mé d'iallach ort filleadh ar ais ar an mbóthar ar ar tháinig tú.

Ióaelá, Zabadiá, clann mhac Iarochám ó Ghadór.

Ansin chruinnigh Amaiziá fir Iúdá le chéile agus d'eagraigh sé iad ina bhfiní, faoi cheannas ceannairí míle agus ceannairí céad do Iúdá agus do Bhiniáimin go léir. Rinne sé daonáireamh ar an muintir a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn, agus fuair amach go raibh trí chéad míle fear tofa, réidh chun cogaidh, oilte ar shleá agus ar sciath.

Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois orm agus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa, cuirfidh mé fáinne i do shrón agus mo bhéalbhach le do bheola, agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais, siar an bealach a tháinig tú!

a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois; luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:

Ar aghaidh, a eachra! buailigí a charbada! ionsaígí, a fheara; a mhuintir na hAetóipe agus Phút, a ghlacann an sciath, a mhuintir Lúd, a chromann an bogha!’

Shuirigh sí leis na hAsaírigh, idir rialtóirí agus uaisle, laochra in éide shómasach, marcaigh oilte ar chapaill, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha.

Cuirfidh mé duáin trí do ghialla agus tabharfaidh ar éisc do shruthán dul i bhfostú i do lanna. Tabharfaidh mé aníos thú as do shrutháin agus éisc uile do shruthán i bhfostú i do lanna.

Fágfaidh tú do bhaile sna haird is faide ó thuaidh, thú féin agus a lán ciníocha leat, tóstal an-mhór, slua airm cumasach iad uile ar muin each.

Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.

Iompóidh mé thart thú, brúfaidh mé ar aghaidh thú, agus tabharfaidh thú ó na hairde is faide ó thuaidh ag ionsaí sléibhte Iosrael.

Líonfar sibh go béal ag mo thábla le capaill agus marcaigh, le gaiscígh agus le curaidh de gach sórt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht: féach, tiocfaidh na laethanta oraibh nuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí, go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí