Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: “Ar an ábhar gur labhair sibh go díomhaoin agus go bhfaca sibh bréaga, féach, tá mise in bhur gcoinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’
“Tá Meisic agus Túbál ansin agus a gcomhluadar uile agus a n‑uaigheanna thart timpeall, gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh; óir bhí tír na mbeo ar uafás rompu.
Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú.
Casfaidh mé thart thú agus cuirfidh mé duáin i do ghialla; tarraingeoidh mé liom thú féin agus do shlua airm uile idir chapaill agus mharcaigh, agus iad go léir i gcath éide iomlán, tóstal mór ag iompar lúireach agus cruinnsciath, agus ag beartú claimhte.