Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 38:16

An Bíobla Naofa 1981

Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”

Beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna nuair a bheidh glóir buaite agam de bharr Fhorainn agus a charbad agus a mharcshlua.”

Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.

Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;

óir feicfidh sé saothar mo lámh ina láthair agus déanfaidh sé m'ainmse a naomhú. Beidh Neach Naofa Iacóib á naomhú, beidh eagla roimh Dhia Iosrael.

Ardófar Tiarna na Slua as ucht ceart a bhreithiúnais, agus foilseofar naofacht an Dé Naofa trína fhíréantacht.

Tiarna na Slua, is é nach mór a naomhú; roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.

Fáilteoidh mé romhaibh amhail roimh bholadh cumhra nuair a thabharfaidh mé sibh as na ciníocha, nuair a chruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh; agus foilseoidh mé mo naofacht ionaibh os comhair na gciníocha.

Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach! tá mise i do choinne, a Shíodón; foilseoidh mé mo ghlóir tríotsa, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a ghearrfaidh mé breithiúnais uirthi, agus nuair a thaispeánfaidh mé mo naofacht inti.

Naomhóidh mé m'ainm mór a truaillíodh i measc na gciníocha, a thruailligh sibhse ina measc. Agus tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna - an Tiarna Dia a labhraíonn - nuair a naomhóidh mé mé féin ionaibh os comhair a súl.

Mar sin a fhoilseoidh mé mo naofacht agus a chuirfidh mé mé féin in aithne dá lán ciníocha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

“Seo mar a léireoidh mé mo ghlóir do na ciníocha, agus feicfidh na ciníocha uile an breithiúnas a thug mé agus an lámh a leag mé orthu.

Nuair a thabharfaidh mé abhaile iad as na ciníocha agus a bhaileoidh mé iad ó thíortha a naimhde, nuair a léireoidh mé mo naofacht tríothu os comhair a lán ciníocha,

Féachfaidh mé chuige go n‑aithneofar m'ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m'ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael.

Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).

Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.

Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte agus go dtógfar níos airde ná na cnoíc é. Tiocfaidh na ciníocha ina sruth go dtí é.

Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”

Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain.

Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha.

Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus d'alp iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí