Eizicéil 38:12An Bíobla Naofa 1981Ar mhaithe le héadáil agus creach a bhreith liom ionsóidh mé na háiteanna fásaigh a bhfuil cónaí ar dhaoine arís iontu, an mhuintir seo a tháinig le chéile ó na ciníocha, a tháinig i seilbh eallaigh agus earraí, a chónaíonn i gceartlár an domhain. Féach an chaibidil |
“I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh.