Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 37:9

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé liom ansin: “Tairngir don anáil; tairngir, a mhic an duine, agus abair leis an anáil: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tar ó na ceithre ghaoth, a anáil, agus séid ar na marbháin seo chun go mbeidh siad beo.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Nuair a chuireann tú do spiorad uait cruthaítear iad; agus athnuann tú aghaidh na talún.

Éirigh a ghaoth aduaidh, gluais, a ghaoth aneas, séidigí trí mo ghairdín go leatha a chumhrachtaí. Tagadh mo ghrá isteach ina ghort, blaiseadh sé togha gach toraidh ann.

Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é - an Tiarna a labhraíonn.”

Dúirt seisean: “Tairngir thar na cnámha seo agus abair leo: A chnámha seargtha, éistigí le briathar an Tiarna.

Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na cnámha seo: Féach, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo.

Nuair a d'amharc mé bhí féitheacha orthu, bhí feoil ag fás orthu agus bhí craiceann á gclúdach; ach ní raibh aon anáil iontu.

Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.

Dúirt an t‑aingeal liom ansin, do mo fhreagairt: “Tá siad seo ag gabháil amach faoi cheithre hairde na cruinne tar éis dóibh a bheith ag freastal ar Thiarna an domhain uile.

Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”

Ansin dúradh liom: “Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.”

Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí