“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t‑aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú;
de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i d'athair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).