Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 37:2

An Bíobla Naofa 1981

Sheol sé thart mé ina measc; agus féach, bhí na múrtha acu ar an talamh ó cheann ceann an ghleanna, agus iad an-seargtha.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Mar charraig a scoiltear ina smionagar ar an talamh, scaipfear a gcnámha ag béal na huaighe.

Leagadh lámh an Tiarna orm agus thug sé amach faoi luí spiorad an Tiarna mé. Chuir sé síos mé i lár gleanna a bhí lán de chnámha.

Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, is iad na cnámha seo muintir Iosrael uile. Féach, deir siad: ‘Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn.’

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an féidir anam a theacht sna cnámha seo?” “Is agatsa atá a fhios sin, a Thiarna Dia,” arsa mise.

Nach bhfuil [na sléibhte] seo ar an taobh eile den Iordáin, ar an mbealach siar i dtreo dhul faoi na gréine, i dtír na gCanánach, a chónaíonn san Arabá, os comhair Ghilgeál, láimh le Dair Mhóire.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí