Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 34:8

An Bíobla Naofa 1981

Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - de bhrí go bhfuil mo chaoirigh mar chreach agus mar chothú ag na hainmhithe allta de cheal tréadaí, agus de bhrí nár bhac na tréadaithe leis na caoirigh a lorg, ach gur bheathaigh siad iad féin agus nár bheathaigh siad mo chaoirigh;

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh.

Ní leor libh innilt ar an bhféar méith ach satlaíonn sibh ar an gcuid eile le bhur gcrúba. Ní leor libh an t‑uisce glan a ól ach truaillíonn sibh an chuid eile le bhur gcrúba.

Is sibhse mo chaoirigh, an tréad atá ar féarach agam, agus is mise bhur nDia - an Tiarna Dia a labhraíonn.

“Dá bhrí sin, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.

dá bhrí sin uile, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.

dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird:

Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh, agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa; bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise agus ag tabhairt sóláis bhréige. Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach agus iad á gcrá cheal aoire.

“Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu.

Níor shantaigh mé ór ná airgead ná éadach le duine ar bith.

Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní á n‑éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. B'fhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan m'ábhar maíte.

agus iompróidh siad urchóid mar luach saothair a n‑urchóide. Is geal leo an drabhlás sa lá; máchailí agus smáil iad ag ragarnaíl ina gcollaíocht agus ag carús libh.

Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí