Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 34:5

An Bíobla Naofa 1981

De cheal tréadaí scaipeadh iad, ina gcreach ag na hainmhithe allta.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Ansin labhair Míocáia: “Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”

Ansin labhair Míocáia: “Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte mar chaoirigh gan aoire, agus dúirt an Tiarna: ‘Níl maistir orthu; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”

A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí; a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.

Is iad na tréadaithe a bhí dallaigeanta; ní dheachaigh siad ar lorg an Tiarna. Ar an ábhar sin ní raibh an rath orthu agus scaipeadh a dtréad ar fad.

Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.

Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.

Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: “Tá an chathair gafa.”

Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.

Ní bheidh siad ina gcreach níos mó ag na ciníocha; ní bheidh siad á n‑alpadh ag ainmhithe allta na tíre. Cónóidh siad gan bhaol agus ní bheidh aon duine ina chúis imní acu choíche.

Scaipeadh mo chaoirigh, chuaigh siad ar seachrán ar an uile shliabh agus ar an uile chnoc ard; scaipeadh mo chaoirigh ar fud an domhain gan aon duine lena lorg nó lena gcuardach.

Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - de bhrí go bhfuil mo chaoirigh mar chreach agus mar chothú ag na hainmhithe allta de cheal tréadaí, agus de bhrí nár bhac na tréadaithe leis na caoirigh a lorg, ach gur bheathaigh siad iad féin agus nár bheathaigh siad mo chaoirigh;

“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.

fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.”

Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire.

Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.

An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí