Eizicéil 34:22An Bíobla Naofa 1981déanfaidh mé mo chaoirigh a fhuascailt; ní bheidh siad ina gcreach a thuilleadh. Tabharfaidh mé breith idir caora agus caora. Féach an chaibidil |
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh.