Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 34:12

An Bíobla Naofa 1981

Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Bíodh staid do thréada ar eolas agat go maith, agus tabhair aire mhaith do do tháinte.

Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.

Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.

Seo é briathar an Tiarna Dia a chruinníonn muintir scaipthe Iosrael. Cruinneoidh mé tuilleadh fós in éindí leo siúd atá cruinnithe cheana.

Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.

Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.

Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’

Féach, tabharfaidh mé ar ais iad as an tír thuaidh, agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin; iad go léir, an dall agus an bacach, an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne; tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.

Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ‘San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí.

Óir tá an lá ar láimh, tá lá an Tiarna ar láimh; lá dorcha, scamallach a bheidh ann, deireadh ré do na ciníocha.

Nuair a scriosfaidh mé thú clúdóidh mé na spéartha, agus dorchóidh mé na réaltaí; cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamall agus ní thabharfaidh an ghealach a solas.

Lá díbheirge an lá sin, lá buartha agus angair, lá léirscriosta agus millte, lá dorchadais agus doiléire, lá scamall agus dúnéalta,

Tá mo chuid feirge ar lasadh in aghaidh na n‑aoirí agus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe. Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairt ar a thréad, ar theaghlach Iúdá, agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de.

An lá sin, sábhálfaidh an Tiarna, a nDia, iad, a phobal féin, mar thréad caorach. Óir beidh siad ag drithliú ar a thalamh amhail seoda corónach.

“Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?

óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.”

Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí