Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 34:10

An Bíobla Naofa 1981

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Cóiríonn tú bord chun béile dom i láthair mo naimhde. Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupa ag cur thairis.

Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?

Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis.

Is chugatsa atáim, a uaibhrigh! An Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn; tá do lá tagtha, aimsir do smachtaithe agamsa.

dá bhrí sin uile, ní fheicfidh sibh níos mó na físeanna baotha, ní dhéanfaidh sibh fáistine; fuasclóidh mé mo phobal as bhur lámha. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.”

Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: “Ar an ábhar gur labhair sibh go díomhaoin agus go bhfaca sibh bréaga, féach, tá mise in bhur gcoinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.

Má deirim leis an drochdhuine: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’ agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.

Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.

“A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú?

déanfaidh mé mo chaoirigh a fhuascailt; ní bheidh siad ina gcreach a thuilleadh. Tabharfaidh mé breith idir caora agus caora.

Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - de bhrí go bhfuil mo chaoirigh mar chreach agus mar chothú ag na hainmhithe allta de cheal tréadaí, agus de bhrí nár bhac na tréadaithe leis na caoirigh a lorg, ach gur bheathaigh siad iad féin agus nár bheathaigh siad mo chaoirigh;

dá bhrí sin uile, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.

Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú.

uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha.

Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.

Tá mo chuid feirge ar lasadh in aghaidh na n‑aoirí agus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe. Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairt ar a thréad, ar theaghlach Iúdá, agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de.

Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.

Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin, agus tugann sé cluas dá n‑impí. Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí