Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 32:9

An Bíobla Naofa 1981

“Cuirfidh mé buaireamh croí ar a lán daoine nuair a scriosfar thú os comhair na gciníocha, tíortha nach eol duit.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha; chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon.

Tiocfaidh na rámhaithe anuas dá longa; na mairnéalaigh agus lucht farraige uile, fanfaidh siad ar an gcladach.

Is uafás thú ag do lucht aitheantais uile; is tubaisteach an chríoch a d'imigh ort; ní bheidh tú ann arís choíche.”

Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.

Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha.

Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha agus scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

“An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!

Ghabh fearg na ciníocha, ach tháinig fraoch d'fheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh, uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe, agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do d'ainm, idir bheag agus mhór, uain scriosta lucht scriosta an domhain.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí