“Feicfidh Forann iad agus glacfaidh sé sólás nuair a fheicfidh sé méid an tslua a thit leis an gclaíomh, Forann agus a shlua go léir - an Tiarna a labhraíonn.
Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?
Ach má fhágtar aon duine ann le bhur mic agus bhur n‑iníonacha a tharrtháil; nuair a thiocfaidh siad chugaibh agus nuair a fheicfidh sibh a n‑iompar agus a ngníomhartha, gheobhaidh sibh sólás cúitimh as an olc a thug mé ar Iarúsailéim, as ar tharraing mé anuas uirthi.
Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce.
Eisean a raibh tír na mbeo ar uafás roimhe, luíonn sé anois leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh, Forann, agus a phobal uile. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.”