“Tá Meisic agus Túbál ansin agus a gcomhluadar uile agus a n‑uaigheanna thart timpeall, gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh; óir bhí tír na mbeo ar uafás rompu.
Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.
[Luíonn] siad le gaiscígh an tseansaoil, leosan a chuaigh síos go Seól in éide chatha, ar leagadh a gclaimhte faoina gcinn agus a sciatha ar a gcnámha; óir bhí tír na mbeo ar uafás roimh na gaiscígh seo.
Eisean a raibh tír na mbeo ar uafás roimhe, luíonn sé anois leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh, Forann, agus a phobal uile. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.”