Déanfaidh mé na huiscí gléghlan agus cuirfidh mé na srutháin ag rith mar ola - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Scriosfaidh mé an uile bheithíoch ar bhruach na n‑uiscí móra. Ní chorróidh cos duine iad níos mó, ní chorróidh crúb beithígh iad ach oiread.
Nuair a bhánóidh mé tír na hÉigipte, nuair a fhágfar í ina fásach folamh, nuair a bhascfaidh mé a gcónaíonn inti, tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.