Tabharfaidh mé ar do shlua titim le claimhte na gcumhachtach, gach duine díobh ar an dream is barbartha ar na ciníocha. Cuirfidh siad ar neamhní mórchúis na hÉigipte agus caillfear a pobal uile.
Chuala na náisiúin faoi do náire, líonann an caoineadh duit an talamh; óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh, agus thit siad araon in éineacht.”
Féach, tabharfaidh mé coimhthígh anuas ort, an náisiún is barbartha ar na náisiúin; tarraingeoidh siad an claíomh in aghaidh scéimh d'eagna, truailleoidh siad do ghlóir.
Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé tír na hÉigipte do Nabúcadnazar, rí na Bablóine; tabharfaidh sé leis a maoin go léir idir éadáil agus chreach mar thuarastal dá shlua.
É féin agus a shlua, an dream is barbartha amuigh, tabharfar isteach iad leis an tír a chreachadh. Tarraingeoidh siad claíomh i gcoinne na hÉigipte, agus líonfaidh siad an tír le corpáin.
Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d'imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é.
“A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól: